Facebook
Twitter
Problem melden

Bata is Bóthar (gaelic) Songtext

Ó chaitheas-sa seal I measc na bponcán
Ag codailt amuigh fé chrann mo dhóchais
Ag réabadh fallaí a thóg m?athair romham
Idir é is an doicheall I bhfuinneog a súl

?Sea thugadar go fial dúinn a raibh acu le tabhairt
Bata is bóthar is fonn abhaile
?Sea téir abhaile go h-ifreann
Is fan sa bhaile in Éirinn.

Is chuas ina dhiaidh sin go Londain groí
Mo dhá láimh liom is mé liom féin
Dá mbeinnse céad bliain ag doras Sheáin Bhuí
Ní bhfaighinn bheith istigh I ngar dá chroí

?Sea thugadar go fial dúinn a raibh acu le tabhairt
Bata is bóthar is fonn abhaile
?Sea téir abhaile go h-ifreann
Is fan sa bhaile in Éirinn.

Is bhíos ag a? deireadh I ndeireadh an domhain
Ag luí béal faoi ibpoll an uaignis
Ag scríobadh na cré I dtrínse ró mhór
A bhí chomh cúng le huaigh mo linbh

?Sea thugadar go fial dúinn a raibh acu le tabhairt
Bata is bóthar is fonn abhaile
?Sea téir abhaile go h-ifreann
Is fan sa bhaile in Éirinn.

Is bhíos-sa lá I dtír na ndall
Ag iarraidh dídean ó racht na farraige
Ní bhfuaireas-sa ann ach airgead ag méileach
Is fliuchadh mo bhéil de mo dheora féin

?Sea thugamar go fial dóibh a raibh againn le tabhairt
Bata is bóthar is fonn abhaile
?Sea téir abhaile go h-ifreann
Is fan sa bhaile as Éirinn!
News
Gabriel Kelly: Er tritt in große Fußstapfen
Vor 23 Stunden
Gabriel Kelly: Er tritt in große Fußstapfen
Take That: Ebenfalls Konzert in Manchester abgesagt
Vor 5 Stunden
Take That: Ebenfalls Konzert in Manchester abgesagt

Album Distant Shore (2003)

Karan Casey
  1. 1.
    Distant Shore
  2. 2.
  3. 3.
    Song of Lies
  4. 4.
    The Curra Road
  5. 5.
    The Ballad of Tim Evans
  6. 6.
  7. 7.
  8. 8.
  9. 9.
    Bata is Bóthar
  10. 10.
  11. 11.
    The Jute-Mill Song
Karan Casey - Bata is Bóthar (gaelic)
Quelle: Youtube
0:00
0:00
Made with in Berlin
© 2000-2024 MusikGuru